 |
Karen Tazi
Rugadh agus tógadh Karen Tazi (Farrelly) i mBaile Átha Cliath. Ghlac sí céim i U.C.D. agus rinne sí traenáil mar mhúinteoir bunscoile i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Tar éis di scaitheamh a chaitheamh ag múineadh i mbunscoileanna Bhaile Átha Cliath thug sí aghaidh ar Pharis na Fraince, áit a bhfuil sí ag obair ó shin mar oide sa scoil chlúitiúil idirnáisiúnta Marymount. Is i bpríomhchathair na Fraince a chónaíonn sí in éindí lena fear céile agus a hiníon.
Is aoibhinn le Karen ilghnéitheacht chultúrtha Pharis ach ní mó a shásaíonn í ná am a chaitheamh lena muintir anseo in Éirinn, oiread agus is féidir. Tá sí paiseanta faoin léitheoireacht agus faoin bpéintéireacht. Tá trí leabhar, ar a rinne sí féin an scríobh agus na léaráidí, foilsithe ag An Gúm, mar atá
Ar Thóir na Cailíse, Cogarnach ar an bhFeirm agus Bliain sa Fhrainc. Tar éis di tabhairt faoin Mandarin Sínis a fhoghlaim dornán de bhlianta ó shin, tá scríobh sí Na Clocha Síneacha, a d’fhoilsigh MÓINÍN i bhFómhar 2009. |