 |
AnnMarie McCarthy
Is as Luimneach do AnnMarie McCarthy. Ghlac sí céim i nDearadh Éadaí i gColáiste Ealaíne agus Dearaidh Luimnigh. Ghnóthaigh sí dioplóma i ndearadh leabhar do pháistí sa London Art College agus tá gradaim bronnta uirthi as a hobair dhearaidh ar Fheisteas Cniotáilte do Pháistí. Is é Fungie an chéad leabhar uaithi. D’oibrigh AnnMarie agus Ré Ó Laighléis i gcomhar le chéile chun Fungie & Mara a chruthú – AnnMarie a rinne na léaráidí agus Ré a scríobh an dá leagan den téacs Gaeilge/Béarla. Foilsíodh Fungie & Mara i bhFeabhra 2011. Foilsíodh eagrán nua de Fungie, le DVD iniata, i Lúnasa 2011.
|