| |
Leabhair do Pháistí
|
|
|
 |
NUA-FHOILSITHE
Is Mise do Chara
Do léitheoirí 9-11 bliain
le Esther Göbl Uí Nualláin
Bog/ A5 / Léaráidí iomlán daite
ISBN: 978-0-9564926-4-7
Praghas €8.00
LÉIGH A THUILLEADH
CEANNAIGH
Is buille mór do Oisín é nuair a bhaintear gortú dá chois sa chluiche leathcheannais sa pheil. An mbeidh ar Laochra Longfoirt cur chun na páirce gan é sa chluiche ceannais? Tá an gortú fisiciúil dona go leor, ach is measa fós é an beag is fiú a dhéanann deirfiúr Oisín – Ciara – den bhuachaill óg agus den ghortú atá air. Bíonn ar Oisín dul go domhain ann féin féachaint an bhfuil an misneach aige is gá chun teacht slán ar an dá bhuille seo a bhuailtear air.
Tá an misneach, an faitíos, an fhéinmhuinín agus an tuiscint fite fuaite ar a chéile síos tríd sa saothar íogair seo.
LÉIGH A THUILLEADH
CEANNAIGH |
|
|
 |
NUA-FHOILSITHE
Fungie le DVD
Do léitheoirí 4-7 bliain
le AnnMarie McCarthy & Ré Ó Laighléis
Téacs Dátheangach / Bilingual Text
Bog, 32 lch., A4 leathan, léaráidí iomlán daite
ISBN 978-0-954926-5-4
Praghas €12.95
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH
Fungie pramsach plabarnach preabach – an Deilf is ansa le gach aon pháiste, an Deilf is ansa le gach aon duine fásta. Deilf dhraíochtúil dhásachtach an Daingin! Oscail agus léigh agus bí faoi gheasa ag eachtraíocht éachtach Fungie.
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH |
|
|
 |
Fungie & Mara
Do léitheoirí 4-7 bliain
le AnnMarie McCarthy & Ré Ó Laighléis
Téacs Dátheangach/Bilingual Text
Bog, 36 lch., A4 leathan, léaráidí iomlán daite
ISBN 978-0-9564926-3-0
Praghas €12.00
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH
Féach Fungie fuinniúil fluparnach chugainn arís eile! Agus, an uair seo, casann muid ar a chara nua, Mara, an Mhaighdean Mhara a shnámhann i mBá an Daingin agus a dhéanann an ceol is aoibhne agus is draíochtúla dar chualathas riamh. Is ceol é a chuireann gach aon neach i ndomhan na farraige faoi dhraíocht. Ceol a chuireann iad ag racáil is ag rabhláil. Ceol a mheallann iad chun rince is chun scléipe.
Seo muid! Téimís ar sciuird le Fungie agus Mara le go bhfeice muid an scléip!
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH |
|
|
|
 |
Osama, Obama, Ó, a Mhama!
Scéal eachtraíochta nua-aimseartha
Do léitheoirí 10-13 bliain
le Ré Ó Laighléis
Bog, 160 lch.
ISBN: 978-0-9564926-2-3
Praghas €8.50
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH
Ní fios do Naoise nuair a chuireann sé an chéad téacs riamh ar a fhón póca nua nach chuig a chara Virgil i Meiriceá a imíonn sé, ach go háit eile. Tuaiplis, rírá agus éigeandáil idirnáisiúnta a thiteann amach dá bharr. Tá idir ghreann agus mhíthuiscintí agus chasaidh as cuimse anseo, agus an léitheoir á thógáil ar ghírle guairle na heachtraíochta.
“Ba mhó de phléisiúr ná de dhualgas a bhain leis an leabhar is déanaí ó pheann
Ré Uí Laighléis a léamh. Ní hé gur léigh mé é, d’alp mé siar é in aon suí amháin.”
- Concubhar Ó Liatháin, Gaelscéal
“Mar mhúinteoir, tá mé buíoch gur éirigh liom áis fhoghlama nua-aimseartha a aimsiú anseo, agus mholfainn do theagascóir ar bith atá ag plé le gasúir bhunscoile Ranganna 5&6 nó gasúir mheánscoile Bliain 1 nó 2 an leabhar seo a chur os comhair na ndaltaí.”
- Pádraig Ó Baoill, Feasta
“Cén seans go mbeidh léitheoirí óga ár linne ag léamh leabhar Gaeilge – nó foilseacháin ar bith sa teanga sin – nuair a bheidh siad fásta mura gcuirimid ábhar atá chomh taitneamhach le Osama, Obama, Ó, a Mhama! ar fáil dóibh agus iad óg? Tá gach creidiúnt ag dul do Ré Ó Laighléis as a shaothar is déanaí – nára fada go raibh a thuilleadh óna pheann.” - Concubhar Ó Liatháin, Gaelscéal
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH |
|
|
|
|
|
 |
 
Ruball Trioball
Do léitheoirí 6-8 bliain
le Esther Göbl Uí Nualláin
Bog, 48 lch., léaráidí iomlán daite le Emily Colenso
ISBN 978-0-9564926-0-9
Praghas €8.00
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH
Saothar samhlaíoch snasta seodmhar ó pheann údar ‘Eachtraí Uchtaigh’
B’aoibhinn le Fionn coileáinín a bheith aige ach tá amhras ar Mham agus Dhaid gurb é sin is ciallmhaire ag an bpointe seo …
Soineantacht na heachtraíochta agus gairdeas na páistiúlachta sníofa go draíochtúil cumasach samhlaíoch ar a chéile anseo. Ábhar aoibhinn do pháistí san aoisréimse 6 go 8 bliain.
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH |
|
|
|
 |
An Phleist Mhór le CD
(Aois 3-7)
le Susan Edwards agus Ré Ó Laighléis
Léaráidí le Emily Colenso
Bog, A4 leathan, 36 lch., iomlán daite
ISBN 978-0-9554079-8-7
Praghas €13.95
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH

Tagann gliondar ar chroíthe Amy agus Claire nuair a stopann an bháisteach. Anois is féidir leo dul amach chun spraoi. Ach ní heol dóibh a bhfuil rompu in imeacht an spraoi sin.
Tá áilleacht agus tuiscint agus bá leis an bpáiste i bhfocail Susan Edwards agus Ré Uí Laighléis anseo. Agus meallfar gach aon duine le draíocht agus dathúlacht agus ceardaíocht aoibhinn léaráidí Emily Colenso!
“Is seoid don pháiste é seo ón gcéad leathanach, idir scríobh agus léaráidí, idir dhearadh agus leagan amach… Ábhar do gach gaelscoil agus bunscoil Ghaeltachta sa tír é agus, go deimhin, do gach scoil náisiúnta a bhfuil an teagasc á dhéanamh trí Bhéarla inti chomh maith.”
Sinéad Nic Gearailt, Feasta
Cuirfidh An Phleist Mhór gliondar ar an uile pháiste. Seoid!
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH |
|
|
|
 |
Bolgchaint agus scéalta eile
(Aois 10-12+)
Le GLUAIS
le Ré Ó Laighléis
Bog 104 lch.
ISBN 978-0-9554079-4-9; Praghas
Praghas €8
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH
Úr, dúshlánach, ar an sprioc, mar a bhíonn an Laighléiseach i gcónaí maidir le téamaí agus teanga. Arís eile, tá na paraiméadair brúite amach ag máistir-scéalaí na déaglitríochta, díreach mar a rinneadh le Punk, Ecstasy, Gafa agus mórán eile roimhe seo. Ré úr, ábhar úr - ábhar do dhéagléitheoirí óga, a thugann aghaidh go dána ar an saol is cás leo. An draíocht, an cheardaíocht, an tsamhlaíocht, an ealaín - iad uile á n-úscadh as na leathanaigh seo ina slaodanna sárscéalaíochta.
"Tá sé déanta cheana ag an Laighléiseach le 'Punk', 'Ecstasy' agus leabhair eile nach iad. Ach seo! Sáraíonn 'Bolgchaint' gach a bhfuil scríofa aige do dhéagóirí óga. Ní fhéadfaí dul thairis mar ábhar d'ardranganna na mbunscoileanna lán-Ghaeilge… Sárscéalaí, agus prós uaidh dá réir. Dúshlánach mealltach snasta."
Mait Ó Brádaigh, Príomhoide, Gaelscoil de hÍde
"Tá tuiscint sainiúil agus bá as an ngnáth ag Ré Ó Laighléis le riachtanais téamacha agus teanga an déagléitheora óig. Scéalta den chéad scoth ar an uile bhealach iad seo, a bhfuil substaint agus téagar iontu, dúshlán agus síneadh agus, thar rud ar bith eile, tá gné ríthábhachtach an taitnimh go smior iontu."
An Dr. Aedín Nic Íomhair, Saineolaí Léitheoireachta, NARA, USA.
"Tá an draíocht, an tsamhlaíocht agus an ealaín i measc na dtéamaí éagsúla a chíortar i scéalta ar nós 'Binb', 'Suáilce' agus 'Cor' agus is fíor don bhlurba a mhaíonn go bhfuil 'substaint agus téagar iontu'."
Colmán Ó Raghallaigh, Foinse
"Tá stíl ghlé shoiléir agus cumas comhrá nádúrtha á chur i mbéal gach carachtar ag Ré Ó Laighléis."
Eagarthóir, Books Ireland
"…i gcás gach ceann de na scéalta anseo, is iad uaisleacht agus iléirimiúlacht na gcarachtar is mó is ábhar suntais don léitheoir. Is iad na tréithe sin sna carachtair - agus seachaint an dídeanachais ina dtaobh ag an údar féin - a ghineann spéis, a ghineann draíocht, a ghineann fírinne don léitheoir. É sin uile a cheadaíonn na castachtaí sna hinsintí agus sna plotaí anseo agus a chuireann an sméar mhullaigh orthu mar scéalta."
Sinéad Nic Gearailt, Feasta
"Léiríonn Ré Ó Laighléis chomh héifeachtach agus is féidir leis beatha úrnua a chur i bhfoclaíocht na Gaeilge sa 21ú aois."
Pádaí Rua, Lá
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH |
|
|
|
 |
Eachtraí Uchtaigh
(Aois 7-9)
le Esther Göbl Uí Nualláin
Bog, 96 lch. Le léaráidí daite le Emily Colenso
ISBN 978-0-9554079-9-4
Praghas €8
Ainmnithe ar Ghearrliosta Leabhar na Bliana le haghaidh Ghradam Réics Carló 2009
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH
“Is cnuasach aoibhinn é seo atá luaite leis an aoisghrúpa 7-9 mbliana, agus ní féidir ach a rá gurb é atá rí-oiriúnach do na léitheoirí céanna ar an uile bhealach.”
Sinéad Nic Gearailt, Feasta
Scéalta misniúla, scéalta dóchais, scéalta bíogúla a fhreagraíonn go seoigh don riachtanas fáis agus do ghné mhothaíoch an pháiste ag aoisleibhéal na meánranganna bunscoile. Tarlúintí sainiúla samhlaíocha na Soineantachta agus draíocht ghártha na páistiúlachta atá faoi chaibidil.
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH |
|
|
|
 |

Na Clocha Síneacha le CD
(Aois 10-12)
le Karen Tazi
Bog, 36 lch., iomlán daite
ISBN 978-0-9554079-7-0
Praghas €10
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH
Nuair a bhuaileann Niuniu amach chun turas a thabhairt fána tír dhúchais féin, An tSín, in éindí lena Daideo, nochtar fírinne di a chuireann alltacht ar a croí, alltacht ar a hintinn, alltacht ar a hanam. Léiríonn an seanfhear saibhreas agus iontais an dúlra dá ghariníon. Ach, má léiríonn féin, cuireann sé an slad atá á dhéanamh ar An Nádúr ar a súile don chailín óg chomh maith. Scrios! Scrios, idir fhoraois agus ghleann agus abhainn agus uile. Múineann an seanóir gaoismhear tuiscint agus meas i leith an dúlra don ghirseach óg. Cothaíonn sé grá dá hoidhreacht inti. Gineann sé síol na fiosrachta inti, ansin fágann fúithi féin é gníomh a dhéanamh.
Aistear foghlama, aistear fáis, aistear fealsúnachta don léitheoir óg go domhanda é Na Clocha Síneacha - aistear a thugann aghaidh go calma tuisceanach ar an mbagairt is mó dá bhfuil ann dúinn uile i dtús na mílaoise úire.
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH |
|
|
|
 |
An Nollaig sa Naigín le CD
Ré Ó Laighléis
Aoiseanna 8-80 bliain
ISBN 978-0-9554079-0-1
Praghas €12.50
(Agus anois, in éindí leis an leabhar féin, tá dlúthdhiosca aoibhinn atmaisféarach ar a léann an t-údar féin na scéalta agus ar a bhfuil leaganacha áille comhlánacha de cheol agus iomainn na Nollag)
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH
Soineantacht an pháiste, grá an tuismitheora, gaois an tseanóra – iad uile ar roithleán na Tuisceana ar Lá Nollag sa Naigín thar thréimhse chúig bliana. Sonas, brón, éagóir agus ceart fite fuaite ar a chéile go healaíonta síos tríd. Aistear draíochtúil, aistear foghlama, aistear fírinne, ar saibhre sinn dá bharr. An Nollaig sa Naigín: é íogair iniúchach paróisteach agus domhanda ag aon am amháin. Idir dhúchas agus ghaois á n-úscadh den uile leathanach den tseoidín seo.
Whether child, teenager, adult or one worn-but-wise with age, the reader will be thoroughly enthralled by the innocence, the magic, the sheer humanity and warmth that permeate these pages. Seen through the eyes of the developing child on Christmas Day in five successive years, An Nollaig sa Naigín (Christmas in the Noggin) takes us on a remarkably joyous, emotional and thought-provoking journey in words and illustration. A book for everyone – young and old alike.
Aoiseanna: 8 – 80 bliain
“Éiríonn go hiomlán leis iontas agus gliondar an pháiste a athchruthú dúinn, an sos faoi leith sin roimh an lá mór i ndomhan atá ag teacht chun stad a chur ar ais inár n-intinn agus béim a chur ar ghrá agus ar shócúlacht an teaghlaigh… Osclóidh an leabhar seo na súile daoibh má dhruid an saol iad.”
Forlíonadh Litríochta, Lá
“A tender family portrait, it points to the importance of grandparents in the nuclear family… The Irish narrative is both lyrically descriptive and moving.”
Mary Arrigan, Tribune Books, Sunday Tribune
“Is ábhar draíochtúil eisceachtúil é seo a bhféadfadh tuismitheoir a léamh dá pháiste, a bhféadfadh déagóir é a ardú agus a bheith faoi gheasa aige, a bhféadfadh an duine fásta, ar a laghad, an méid céanna taitnimh agus ardú croí agus meanma a bhaint as agus a dhéanfadh an duine óg féin, agus, ar deireadh, a tharraingeodh na deora de shúile gach aon seanóir a thabharfadh faoi é a léamh. Uilíochas agus feabhas ar an uile bhealach, go deimhin, agus an cheardaíocht dá réir, líne ar líne… Ach, dá fheabhas iad tréithe éagsúla an tsaothair aoibhinn seo tríd síos, is iad an daonnacht agus an draíocht atá ann a sháraíonn gach aon ghné eile de.”
Sinéad Nic Gearailt, Feasta
LÉIGH A THUILLEADH | CEANNAIGH |
|
|
|
| |
|
|
|