NUA-FHOILSITHE
Do léitheoirí 10 -12 bliain

Na Clocha Síneacha le CD
le Karen Tazi
Bog, 36 lch., iomlán daite
ISBN 978-0-9554079-7-0

Praghas €10

Scéal aoibhinn smaointeach draíochtúil, lonnaithe sa tSín, atá dírithe ar léitheoirí san aoisghrúpa 10-12 bliain. Idir théacs agus léaráidí de chaighdeán eisceachtúil ar fad, iad araon ó Karen Tazi féin.

Sábháil na timpeallachta is cúlbhrat don tseoidín liteartha seo. Tugann an cailín óg Niuniu turas amach faoina tír dhúchais féin in éindí lena Daideo. Léiríonn an seanfhear iontais na tíre dá ghariníon agus déanann sise iontas de áilleacht gach a fheiceann sí. Ach nochtar di chomh maith uafáis an fhill agus an dochair atá á n-imirt ar an timpeallacht. Tá an baol ann go bhfuil sé ró-dhéanach rud ar bith a dhéanamh chun sin a stopadh. Nó an bhfuil? Saibhrítear Niuniu agus an léitheoir féin le gaois agus grá agus tuiscint an tseanfhir.

Na Clocha Síneacha – cloch sheodmhar eile le dul ar pháidrín an uile léitheora, bíodh sé óg nó séan.

[LÉIGH A THUILLEADH >>]


NUA-FHOILSITHE

Do léitheoirí 7-9 bliain.

Eachtraí Uchtaigh

le Esther Göbl Uí Nualláin

Bog, 96 lch. le léaráidí daite le Emily Colenso

ISBN 978-0-9554079-9-4
Praghas €8

Scéalta misniúla, scéalta dóchais, scéalta bíogúla a fhreagraíonn go seoigh don riachtanas fáis agus do ghné mhothaíoch an pháiste ag aoisleibhéal na meánranganna bunscoile. Tarlúintí sainiúla samhlaíocha na soineantachta agus draíocht ghártha na páistiúlachta atá faoi chaibidil.
[LÉIGH A THUILLEADH >>]

An Phleist Mhór le CD

le Susan Edwards agus Ré Ó Laighléis

Léaráidí le Emily Colenso

Do pháistí 3-7 bliain

Bog, A4 leathan, 36 lch., iomlán daite

ISBN 978-0-9554079-8-7

Praghas €13.95

Buaiteoir ‘Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga 2008’
Buaiteoir ‘Gradam Réics Carló 2008'
Gearrliosta ‘Gradam Bisto do Leabhar na Bliana 2009’

Tagann gliondar ar chroíthe Amy agus Claire nuair a
stopann an bháisteach. Anois is féidir leo dul amach
chun spraoi. Ach ní heol dóibh a bhfuil rompu in
imeacht an spraoi sin …
[ LÉIGH A THUILLEADH >>]


   
   

English Home