NUA-FHOILSITHE
Is Mise do Chara
Do léitheoirí 9-11 bliain
le Esther Göbl Uí Nualláin
Bog/ A5 / Léaráidí iomlán daite
ISBN: 978-0-9564926-4-7
Praghas €8.00
AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH
Sampla den téacs
“Brostaigí, a pháistí, brostaigí nó beidh sibh déanach don scoil. Agus ná déanaigí dearmad ar na babhtaí spóirt tráthnóna. Tá peil Ghaelach agat le Laochra Longfoirt ag a sé a chlog, a Oisín, agus tá an chamógaíocht agatsa tar éis scoile, a Chiara.” Ní thugann Mamaí an t-atmaisféar diúltach faoi deara. Ní thugann sí an teannas faoi deara. Níl sí in ann teacht ar eochracha an chairr agus tá sí faoi bhrú, mar is gnách di. Agus iad aimsithe aici, lorgaíonn sí a gcótaí agus caitheann sí leis na páistí iad. “Anois! Isteach libh sa ghluaisteán go beo!” Ar an mbealach chun na scoile dó, cuimlíonn Oisín a chos. Is breá leis a bheith ag imirt peile. Is breá go mór leis a bheith ag imirt i lár na páirce. Ta cluichí móra le n-imirt aige amach anseo agus níl sé ag iarraidh go dtarlóidh gortú ar bith ...


AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH |