An Scríobhlann / The Writing House:

Dianchúrsa sa Ghearrscéal/Úrscéal, Meán Fómhair 2011

Reachtálfar cúrsa cuimsitheach i Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil in An Scríobhlann, ag tosú ar an deireadh seachtaine 24ú/25ú Meán Fómhair 2011. Gach re deireadh seachtaine a bheidh i gceist idir 24ú/25ú Meán Fómhair agus 3ú/4ú Nollaig. Is é an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a bheas mar stiúrthóir/theagascóir ar an gcúrsa agus díreofar tríd síos ar struchtúr agus eilimintí riachtanacha scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil. Dianchúrsa sa dá genres atá i gceist, a mbeidh spriocanna le baint amach ann ar feadh an ama agus a mbeidh dúthracht agus freastal dílis an ochtair (8) a roghnófar riachtanach don iarracht.

Is iad na deireadh seachtainí atá i gceist ná:

24ú / 25ú

Meán Fómhair

8ú / 9ú

Deireadh Fómhair

22ú / 23ú

Deireadh Fómhair

5ú / 6ú

Samhain

19ú / 20ú

Samhain

3ú / 4ú

Nollaig

Sprioc ar iarratais is ea an Aoine, 2ú Meán Fómhair.

Foirm iarratais agus gach eolas ar fáil ó:

Ailsa Ellis, MÓINÍN, Loch Reasca, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir.
Fón: 065 7077256 e-phost: moinin@eircom.net


Is ionad traenála do ábhar scríbhneoirí na Gaeilge agus an Bhéarla é An Scríobhlann.
Tá sé lonnaithe i mBaile Uí Bheacháin i gCo. an Chláir agus is fochuid den teach foilsitheoireachta MÓINÍN é.

Is ar phrós amháin a dhírítear an traenáil in An Scríobhlann ag an bpointe seo.

• Tugtar bunchúrsaí do ghrúpaí i scríobh an ghearrscéil agus an úrscéil ann.
• Tugtar cúrsaí lae, cúrsaí seachtaine, cúrsaí deireadh seachtaine agus cúrsaí níos fadtréimhsí sna genres éagsúla.
• Fáiltíonn An Scríobhlann roimh ghrúpaí scoile, ghrúpaí scríbhneoirí nó ghrúpaí d’indibhidiúla.
• Is scríbhneoirí lánaimseartha iad ár dtraenálaithe, a bhfuil cúlra sa mhúinteoireacht acu.
• Is údair ard-aitheanta iad ár dtraenálaithe atá foilsithe sna réimsí liteartha éagsúla.

A deir na Scríbhneoirí….

“Cúrsa den scoth a bhí sa dianchúrsa seo ar scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil. Bhí sé iontach láidir ar struchtúr agus ar an gcur chuige chun scéal maith cruthaitheach a scríobh. Bhí an léachtóir féin paiseanta, fuinniúil, foighdeach, spreagúil, an-eolasach agus tiománta ar chaighdeán na scríbhneoireachta a bhisiú, agus roinn sé a chuid ama go fial flaithiúil ar na daltaí uilig.”
- Seán Mag Uidhir, Béal Feirste

“Bhaineas an-taitneamh as an gcúrsa. Deis iontach a bhí ann. Thug sé misneach agus muinín dom dul i mbun pinn.”
- Róisín Ní Mhulláin, Sligeach

“Ní hamháin go bhfuil Ré [Ó Laighléis] ar thús cadhnaíochta ar scríbhneoireacht na Gaeilge ach bhí scileanna faoi leith aige mar theagascóir. Níor bhuail mé lena leithéid d’fhoighne ná de fhlaithiúlacht i dteagascóir riamh.”
- Eithne Ní Dhomhnaill, Ráth Fhearnáin, Baile Átha Cliath

“Míniú iontach tugtha ar struchtúr na scríbhneoireachta i leith ghearrscéalta agus úrscéalta. Tuigim anois cad tá i gceist le gearrscéal a scríobh, idir struchtúr, an proiséas forbartha agus an tábhacht le freastal ar an léitheoir. Ionad an-oiriúnach. Táim fíor-bhuíoch as an deis a fháil - GRMA.”
- Roibeard Ó hEartáin, Baile an Fheiritéirigh

“Bhí an cúrsa ar fheabhas ar fad. D’fhoghlaim mé an oiread sin nua gach lá den chúrsa. Mholfainn do gach duine cúrsa mar seo a dhéanamh.”
- Máirín Ní Chonghaile, Indreabhán

“Bhain mé idir thaitneamh agus tairbhe as an Dianchúrsa i Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil le Ré Ó Laighléis. An léirmheas is fearr ar féidir liom a thabhairt air go bhfuilim faoi láthair ag scríobh mo chéad úrscéal agus b’é an spreagadh agus an treoir a fuair mé ar an gcúrsa seo a spreag mé. Agus an dianchúrsa seo déanta agam, mothaím nach sliabh mór atá le dreapadh agam ach go bhfuil bothar réidh romham agus mé feistithe is ullamh chuige chun an saothar seo a chríochnú agus, cá bhfios, tabhairt faoi shaothair eile.
      Is minic roimhe seo go mbíodh tuairimí fánacha ag teacht chugam faoi leabhair a fhéadfainn scríobh nó scéalta a bheadh orm insint. Go dtí gur fhreastalaíos ar chúrsa Ré, ní raibh aon toradh ar an bhfánaíocht sin. Molaim go hard an cúrsa agus MÓINÍN as é a chur i láthair go héifeachtach is le croí mór.”

- Concubhar Ó Liatháin, Co. Chorcaí

“B’iontach an deis a bhí ann 6 dheireadh seachtaine a chaitheamh ‘tumtha’ i gcúrsaí litríochta, in áit álainn agus le comhluadar a raibh suim acu san ábhar céanna. Tá mé fíor-bhuíoch de MhÓINÍN agus d’Fhoras na Gaeilge. Gur fada buan sibh!”
- Máire Ní Chualáin, An Cheathrú Rua

 “Bhí sé go hiontach deis a bheith agam treoir a fháil ó shainscríbhneoir mar Ré Ó Laighléis. Bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa agus b’fhiú go mór dom é a dhéanamh.”
- Carmel Ní Cheallaigh, Dún Laoghaire

A thuilleadh eolais ar fáil ó MÓINÍN
Fón 00 353 (0)65 707 7256 nó trí ephost:


MÓINÍN - An Scríobhlann