top of page

Ré Ó Laighléis

Ré Ó Laighléis: An Scríbhneoir / The Writer

Tá aithne go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar Ré Ó Laighléis mar scríbhneoir ghearrscéalta, úrscéalta agus drámaí ar an uile leibhéal aoise. Scríobhann sé i nGaeilge agus i mBéarla agus tá an-chuid dá scríbhinní aistrithe go teangacha eile. Tá mórchuid gradaim liteartha bronnta air go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is minic ábhar leis a bheith ar churaclaim an dara agus an tríú leibhéal scolaíochta anseo in Éirinn agus thar lear. Faoi láthair, tá ábhar leis ainmnithe ar an gcuraclam don tSraith Shóisearach T1&T2, mar atá, na gearrscéalta ‘Punk’, ‘Na Bradmharcaigh’ agus ‘Claonfhéachaint’, na drámaí ‘Gan Choinne’ agus ‘Coimhlint’ agus na húrscéalta ‘Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’ agus ‘An Taistealaí’. Mar thacú ar an úrscéal ‘Trumptaí Dumptaí’, tá Nótaí do Mhúinteoiri ó pheann Ré féin ar fáil dar teideal ‘Nótaí ar an Úrscéal Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’. Ar leibhéal na hArdteiste, tá an-tóir ar a úrscéal cáiliúil ‘Gafa’ agus ar na Nótaí do Mhúinteoirí air, atá scríofa ag an Laighléiseach féin, mar atá ‘Nótaí ar an Úrscéal GAFA’.

Tugann sé cuairteanna ar scoileanna faoi choimirce Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna de chuid Éigse Éireann, faoi choimirce Scéim na gCuairteanna atá ag MÓINÍN agus faoi choimirce scéimeanna éagsúla de chuid na mBord Oideachais agus Traenála i gcontaetha éagsúla na hÉireann.

(Féach liosta de shaothair Ré Uí Laighléis thíos)

Ó Laighléis is known, both nationally and internationally, for his short stories, novels and plays. He writes in English and Irish alike, and many of his works have enjoyed translation into other languages. He is the recipient of myriad awards for his literary works, both here in Ireland and abroad. Works of his often feature on curricula at first, second and third levels. Currently, short stories, novels and plays of his are named material on the curricula of the Junior Cycle in Irish T1&T2. These include the short stories ‘Punk’, ‘Na Bradmharcaigh’ and ‘Claonfhéachaint’, the plays ‘Gan Choinne’ and ‘Coimhlint’ and the novels ‘Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’ and ‘An Taistealaí’. As a support to teachers, Ré, at the invitation of MÓINÍN, has also written the supplementary Notes for Teachers ‘Nótaí ar an Úrscéal Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’. At Leaving Cert level, his acclaimed novel ‘Gafa’ enjoys a huge readership, as do the supporting notes for teachers, written by Ré himself: ‘Nótaí ar an Úrscéal GAFA’.

 

Ré Ó Laighléis is a frequent visitor to schools and colleges under the auspices of Poetry Ireland’s Writers in Schools Scheme, the MÓINÍN Visits Scheme and the second level visiting schemes of the various county Education and Training Boards.

(A list of Ré Ó Laighléis’ works present below)

Cnuasaigh Ghearrscéalta / Short Stories:

Úrscéalta / Novels:

Bolgchaint agus scéalta eile (MÓINÍN)

Goimh agus scéalta eile (MÓINÍN)

Punk agus scéalta eile (Cló Mhaigh Eo)

Ecstasy agus scéalta eile (Cló Mhaigh Eo)

Cluain Soineantachta (Comhar)

Ciorcal Meiteamorfach (CIC)

Flying the Banner [eag. & cnuas.]

(MÓINÍN & Leabharlann Chontae an Chláir)

Ecstasy and other stories (MÓINÍN)

Heart of Burren Stone (MÓINÍN)

Shooting from the Lip [eag. & cnuas.] 

     (Comhairle Chontae Mhaigh Eo)                     

An Nollaig sa Naigín [le CD] (MÓINÍN)

Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór (MÓINÍN)

Osama, Obama, Ó, a Mhama! (MÓINÍN)

Ár i gCor Chomrua (MÓINÍN)

Sceoin sa Bhoireann (MÓINÍN)

Gafa (MÓINÍN)

Chagrin (Cló Mhaigh Eo)

An Taistealaí (Cló Mhaigh Eo)

Stríocaí ar Thóin Séabra (Coiscéim)

Terror on the Burren (MÓINÍN)

Battle for the Burren (MÓINÍN)

The Great Book of the Shapers

      a right kick up in the Arts (MÓINÍN)

Hooked (MÓINÍN

bottom of page