
MÓINÍN, Loch Reasca, Baile Uí Bheacháin, (Ballyvaughan), Co. Clare, H91 RHD1, Ireland
e-phost/email: moininpublishers@gmail.com www.moinin.ie
Tel: 00 353 (0)65 7077256 / 00 353 (0)86 2118074
An tSraith Shinsearach / Senior Cycle
Tugtar Lascaine 10% agus P&P saor ar orduithe os cionn €150
Gafa

Scéal tranglamach croíbhristeach an déagóra Eoin agus a thitim isteach in umar dorcha na handúile agus sa bhfodhomhan gránna dainséarach a ghabhann leis. Agus, chomh tábhachtach céanna le scéal Eoin féin, scéal na dtuismitheoirí: tá saol na máthar, Eithne, ina chíor thuathail. Í ar a dícheall glacadh leis go bhfuil a haonmhac faoi ghreim go daingean ag heroin. Ach is measa fós di é nuair a bhuailtear an dara ropadh uirthi - mídhílseacht a fir céile. Ní chuirtear fiacail san insint i gcás an scéil ríchumhachtaigh seo. É scríofa go fírinneach fíriciúil lom, ach ardscil agus íogaireacht ann go deireadh.
"Tá ábhar an leabhair seo conspóideach nua-aoiseach agus thar a bheith feiliúnach don aoisghrúpa…stíl sholéite inchreidte."
An Dr. Gearóid Denvir, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
"Ó Laighléis deftly favours creating a dark side of urban life over sledge-hammering the reader with 'Just Say No' messages. The horrors of heroin addiction are revealed within the story itself and, thankfully, the author avoids any preachy commentary."
Educationmatters, Ireland on Sunday
"Iarracht an-mhacánta é seo ar scríobh faoi cheann de mhórfhadhbanna shochaí an lae inniu …píosa scríbhneoireachta an-fhiúntach."
Máire Nic Mhaoláin, An tOireachtas
"It is a riveting story based on every parent's nightmare."
Lorna Siggins, The Irish Times
ISBN 0-9532777-5-5
Praghas €12.95
Goimh agus scéalta eile

An ciníochas in Éirinn agus go hidirnáisiúnta is cúlbhrat do na scéalta sainiúla seo. Idir shamhlaíocht agus chruthaitheachas den scoth á sníomh go máistriúil ag Ré Ó Laighléis i gcur an chnuasaigh íolbhristigh seo inár láthair. Ní hann don déagóir ná don léitheoir fásta nach rachaidh idir thábhacht agus chumhacht agus chomhaimsearachas na scéalta i gcion go mór éifeachtach air. An dul go croí na ceiste ar bhealach stóinsithe fírinneach cumasach is saintréith den chnuasach ceannródaíoch seo.
"Éiríonn leis an údar dúshlán na léitheoirí a thabhairt ar bhealach ríspéisiúil maidir lena ndearcadh ar an gciníochas …Fáiltím go mór roimh an saothar seo toisc go ndíríonn sé ar aoisghrúpa [déagóirí] a chruthóidh dearcadh shochaí na tíre seo i leith an chiníochais amach anseo. Éiríonn leis an údar paraiméadair na tuisceana i dtaobh an chiníochais a bhrú amach."
Seosamh Mac Donncha, Iar-Chathaoirleach,
An Clár Náisiúnta Feasachta um Fhrith-Chiníochas
"Snastacht, foirfeacht, máistreacht ó thús deireadh."
Austin Vaughan, Leabharlannaí an Chontae, Co. Mhaigh Eo
"Ar bhealach, is é a dhéanann an Laighléiseach ná scéalta a bheireann ar ár samhlaíocht agus ar shamhlaíocht an déagóra shinsirigh, ach go háirithe, a chur inár láthair agus, ag an am céanna, sinn a shíneadh agus ár ndúshlán a thabhairt mar léitheoirí."
Sinéad Nic Gearailt, Feasta
ISBN 0-9532777-4-7
Praghas €7