
MÓINÍN, Loch Reasca, Baile Uí Bheacháin, (Ballyvaughan), Co. Clare, H91 RHD1, Ireland
e-phost/email: moininpublishers@gmail.com www.moinin.ie
Tel: 00 353 (0)65 7077256 / 00 353 (0)86 2118074
Comhtháthú Abú!
Comhtháthú Abú!
Dhá Ghearrscéal: ‘Punk’ & ‘Na Bradmharcaigh’ & An Dráma Aonghníomh den scéal ‘Punk’, ie 'Gan Choinne’
Tugtar Lascaine 10% agus P&P saor ar orduithe os cionn €150

Anseo in éindí – don Dalta, don Oide, don Taitneamh, don Fhoghlaim – ó pheann an Údair féin, mar aon le téacsanna na scéalta 'Punk' agus 'Na Bradmharcaigh', tá an dráma 'Gan Choinne', ar leagan drámatúil é den scéal 'Punk'. Tá 'Nótaí don Dalta agus don Oide' araon ar struchtúir, charachtracht agus phlotaí na scéalta scríofa anseo ag an Laighléiseach. Anuas air sin, tá 'Nótaí Comparáideacha' ann idir an scéal Punk agus an leagan drámatúil den scéal, 'Gan Choinne'. Chomh maith leis sin, tá Leathanaigh Nodaireachta don Dalta ar aghaidh gach leathanach de théacs an dráma a éascaíonn breacadh nótaí ar charachtracht, ar phlota agus ar fhoclóir. Agus, mar bharr air sin uile, tá 'Gníomhartha Comhtháthaithe Dúshlánacha don Dalta' a dhéanfaidh a spéis a mhúscailt agus an meon a shíneadh ar bhealach atá ciallmhar taitneamhach.
Ábhar ardaitheanta atá spéisiúil agus dúshlánach agus, thar aon ní eile, taitneamhach. Comhtháthú, mar is cuí – mar atá tuillte ag an Oide agus an Dalta araon.
É sin uile ón scríbhneoir, oideachasóir, múinteoir, Ré Ó Laighléis
Praghas €9.90
‘Gan spéis, gan taitneamh, gan síneadh, ní hann don fhoghlaim ná don oideachas.’
An Piarsach, Scríbhinní Oideachasúla
‘Learning cannot happen in vacuo. To be interested and challenged is everything.’
John Dewey, Experience and Education
‘The key to learning is to be engaged. Interest and enjoyment are the true conduits of real education.’
Ivan Illich, The Underachieving School
‘There are so many colours in the rainbow / So many colours in the morning sun / So many colours in a flower / And I see every one.’
Harry Chapin, Flowers are Red
‘If I present material in class that is dull and drab, that cannot engage, excite, stir the mind and imagination, why ever should I be surprised or disappointed that it is not of interest to the learner?’
John Holt, How Children Learn
‘Let’s not delude ourselves: the young mind roars out for stimulation. Give more of what has already failed it and it will die. But give it stimulation and it will spread wings and fly.’
Mortimer Adler, The Paedia Proposal
MOINÍN, Loch Reasca, Baile Uí Bheacháin [Ballyvaughan], Co. an Chláir H91 RHD1
Fón: 00+353 (0)65 707 7256 / e-phost:moininpublishers@gmail.com