
MÓINÍN, Loch Reasca, Baile Uí Bheacháin, (Ballyvaughan), Co. Clare, H91 RHD1, Ireland
e-phost/email: moininpublishers@gmail.com www.moinin.ie
Tel: 00 353 (0)65 7077256 / 00 353 (0)86 2118074
Esther Göbl Uí Nualláin
Tugtar Lascaine 10% agus P&P saor ar orduithe os cionn €150
Cleasaí an Coinín

Is coinín óg é Cleasaí atá fiosrach faoin domhan mór. Teastaíonn uaidh bualadh amach faoin saol féachaint céard iad na hiontais atá ann dó. Ach tá Mamaí Choinín agus Daidí Coinín imníoch faoi é a bheith ró-óg. Tá siad imníoch faoi na dainséir atá ann. Féach mar a tharlaíonn nuair a fhaigheann Cleasaí mian a chroí …
Tá idir ghrá agus fhiosracht agus fhoghlaim saoil sníomhtha ar a chéile san insint íogair oilte seo.
Do léitheoirí 6 - 8 bliain
ISBN: 978-0-9564926-8-5
Praghas: €7.50
Ruball Trioball


Saothar samhlaíoch snasta seodmhar ó pheann údar ‘Eachtraí Uchtaigh’
B’aoibhinn le Fionn coileáinín a bheith aige ach tá amhras ar Mham agus Dhaid gurb é sin is ciallmhaire ag an bpointe seo …
Soineantacht na heachtraíochta agus gairdeas na páistiúlachta sníofa go draíochtúil cumasach samhlaíoch ar a chéile anseo. Ábhar aoibhinn do pháistí san aoisréimse 6 go 8 bliain.
Do léitheoirí 6-8 bliain
léaráidí iomlán daite le Emily Colenso
ISBN 978-0-9564926-0-9
Praghas €8.00
Eachtraí Uchtaigh

Esther Göbl Uí Nualláin
“Is cnuasach aoibhinn é seo atá luaite leis an aoisghrúpa 7-9 mbliana, agus ní féidir ach a rá gurb é atá rí-oiriúnach do na léitheoirí céanna ar an uile bhealach.”
Sinéad Nic Gearailt, Feasta
Scéalta misniúla, scéalta dóchais, scéalta bíogúla a fhreagraíonn go seoigh don riachtanas fáis agus do ghné mhothaíoch an pháiste ag aoisleibhéal na meánranganna bunscoile. Tarlúintí sainiúla samhlaíocha na Soineantachta agus draíocht ghártha na páistiúlachta atá faoi chaibidil.
(Aois 7-9)
Le léaráidí daite le Emily Colenso
ISBN 978-0-9554079-9-4
Praghas €8
Is Mise do Chara

Is buille mór do Oisín é nuair a bhaintear gortú dá chois sa chluiche leathcheannais sa pheil. An mbeidh ar Laochra Longfoirt cur chun na páirce gan é sa chluiche ceannais? Tá an gortú fisiciúil dona go leor, ach is measa fós é an beag is fiú a dhéanann deirfiúr Oisín – Ciara – den bhuachaill óg agus den ghortú atá air. Bíonn ar Oisín dul go domhain ann féin féachaint an bhfuil an misneach aige is gá chun teacht slán ar an dá bhuille seo a bhuailtear air.
Tá an misneach, an faitíos, an fhéinmhuinín agus an tuiscint fite fuaite ar a chéile síos tríd sa saothar íogair seo.
Do léitheoirí 9-11 bliain
Bog/ A5 / Léaráidí iomlán daite
ISBN: 978-0-9564926-4-7
Praghas €8.00