
MÓINÍN, Loch Reasca, Baile Uí Bheacháin, (Ballyvaughan), Co. Clare, H91 RHD1, Ireland
e-phost/email: moininpublishers@gmail.com www.moinin.ie
Tel: 00 353 (0)65 7077256 / 00 353 (0)86 2118074
Leabhair Ghaeilge / Books in Irish
Tugtar Lascaine 10% agus P&P saor ar orduithe os cionn €150
Tairiscint Eisceachtúil do Scoileanna:
I gcás orduithe ar sheiteanna ranga/scoile ar
Spluff Splaifeirtí agus An tIonradh ar an bPlainéad MARZ
tabharfar lascaine de 17% (€10 per cóip, seachas €12) agus p&p saor
Coimisiúnaithe ag COGG
Molta go hard ag saineolaithe liteartha agus oideachais araon
DUAISLEABHAR OIREACHTAIS - AN tOIREACHTAS 2021

“Tugaim do dhúshlán úrscéal níos eachtrúla, níos samhailtí agus níos dúshlánaí ná seo a aimsiú do léitheoirí óga ardranganna na gaelscoile agus do dhéagléitheoirí luathbhlianta an ghnáthchórais ar an dara leibhéal. Éacht feabhais!”
- An Dr. Aedín Nic Íomhair
Spluff Splaifeirtí agus An tIonradh ar an bPláinéad MARZ
SPLUFF SPLAIFEIRTÍ AGUS A CHAIRDE AR MARZ ANSEO ISTIGH DÚINN. EACHTRAÍOCHT,
DAONNACHT, CARACHTAIR, DÚSHLÁIN AGUS TARLÚINTÍ AS CUIMSE A FHÁGFAIDH ÁR
dTUISCINTÍ AR AN DOMHAIN SA SPÁS ATHRAITHE GO DEO ...
ISBN: 957-3659-4-0
Praghas: Clúdach Bog €12.00 P&P €3.50
“Is scéal é seo atá iontach feiliúnach don aoisghrúpa - é lán den mhistéir, den choimhlint, den naimhdeas agus den chomhcheilg - [scéal] a chuireann saint an duine daonna i gcodarsnacht le cur chuige síochánta Mhuintir Mharz …”
- Deirble Nic Conghamhna, Moltóir an Oireachtais 2021
“Is fíorghriogadh agus dúshlán don déagóir óg é síor-eachtraíocht agus spleodar an scéil fhuinniúil lasartha seo. Scéal spreacúil spreagthach samhlaíoch den chéad scoth, a bhfuil castachtaí agus diamhair ann go dtí an focal deiridh. Scéal domhanda. Scéal idirdhomhanda. Scéal trasdomhanda ...
Eachtraíocht, go deimhin, ach mímhoráltacht na sainte, na cogaíochta agus na cneámhaireachta, chomh maith. Seo máistir-údar cruthanta na déaglitríochta inár láthair, agus, ach oiread le hábhair shóisialta eile a bhfuil aghaidh tugtha go calma cumasach ag an Laighléiseach orthu thar na blianta, tá fothonnta an choinsiasa le braith go láidir ar an saothar úr seo, freisin. Ní fearr a dhéanfaí ach éisteacht le glór an údair sa chás seo arís.”
- An Dr. Aedín Nic Íomhair, Iar-Uachtarán NARA, U.S.A.,
Ollamh Emeritus le hOideachas Léitheoireacht na nÓg
“Mírizéararrazzamà! Mírizéararrazzamà!” - An tEagarthóir, An MarzGazette
Máchail Scéal Díoltais

ISBN: 9780957365926
Praghas: Clúdach Bog €12.95 p&p €3.50
ISBN: 9780957365933
Praghas: Clúdach Crua €15.00 p&p €3.50
Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2020
‘Buaic-Shaothar Próis na Bliana’
– An tOireachtas 2019
Is fear óg é Cormac Mac Guidhir atá tiomanta go hiomlán do bhaint amach an díoltais as a bhfuil déanta ag na baincéirí ar a athair. Scrios, cliseadh meabhrach, dúnadh gnólachta agus an-chuid dochair eile atá mar thoradh ar chaimiléireacht lucht an airgeadais. Ach ní mhaithfear an feall dóibh. Íocfar as ar bhealach nach bhféadfadh na hairgeadóirí a shamhlú riamh – bealach nach bhféadfadh Cormac féin a shamhlú, go deimhin.
Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bhealach!
Ní hiontas é gur bronnadh an gradam liteartha ‘Buaic-Shaothar Próis na Bliana’ air ag Oireachtas 2019.
“Beireann an leabhar seo ar an léitheoir ón tús agus gluaiseann an reacaireacht le luas. Tá an scéal féin an-tráthúil sna ceisteanna a dúisítear… Tá an charachtracht an-mhaith, go háirithe Johnny agus Dekó, agus tá súil ghéar ghrinn an scríbhneora le feiceáil go minic sna mionsonraí. Tá an chríoch breá diamhair freisin, agus bheinn ag súil le ‘Máchail 11’.”
Gearóid Denvir, Moltóir An Oireachtais
FILLEADH na nIARLAÍ

Clúdach Bog
ISBN: 9780957365995
Praghas: €12.00 p&p €2.50
Ba bheag a ceapadh, nuair a d’imigh na hIarlaí uainn breis agus
400 bliain ó shin, go samhlófaí an fhéidearthacht ar theacht anonn riamh. Castar an fhéidearthacht sin ina réalachas fiontraíoch cruthaitheach ar na leathanaigh istigh. Seol leat, a scríbhinn...
“Is saothar ar dóigh atá ann seo. Dialann mhachnamhach sholéite
atá inti ina bhfuil snáithe spéisiúla scéalaíochta agus tráchtaireachta curtha inár láthair i stíl shimplí chomhráiteach. Is maith a dhéanann an t-údar a scéal féin a cheangal le scéal Imeacht na nIarlaí agus bainfidh gach léitheoir pléisiúr agus tairbhe as na scéalta beaga béaloidis agus dinnseanchais atá fite fuaite tríd an scéal go héifeachtach aige. Molaim an leabhar agus molaim an t-údar as prós nuálach (atá fréamhaithe sa stair) a chur ar fáil do phobal léitheoireachta na Gaeilge”
An Dr Gearóid Ó Domagáin, Ollscoil Uladh
Sceoin sa Bhoireann
Ár i gCor Chomrua

Buaiteoir duais Oireachtais, Duais Litríochta Idirnáisiúnta NAMLLA,
Duais Bisto agus eile – saothar a bhfuil a dhintiúir cruthaithe aige cheana. Meascán diamhair draíochta den réalachas agus den osnádúr anseo chugainn agus é suite sa tréimhse réamhstaire i mBoireann álainn Chontae an Chláir.
“Measured, even against his own already high standards, Ré Ó Laighléis has given us an exceptional work of beauty and terror here. This, quite simply, stands apart.”
Cathal Ó hEochaidh, Iar-Thaoiseach
Clúdach Bog, 118 lch.
ISBN 0-9532777-6-3
Praghas €10

1317 AD. É 1,500 bliain ó aimsir Shobharthan agus an troid a rinne sí in aghaidh an Oilc ar bhruach Loch Reasca. Í básaithe le fada fada, ach a hanam athionchollaithe i gcorp an tseanmhanaigh dhaill, Benignus, a bhfuil sé de bheannacht agus de mhallacht air - ach an oiread le Sobharthan roimhe - bua na físe a bheith aige. Tá sé ar dhuine de sheanóirí chomhluadar na Cistéirseach i Mainistir Chor Chomrua, ar shleasa sciollacha na Boirne.
"An-léargas tugtha ar chultúr atá caillte ach seoladh cruthanta faoin eachtraíocht. Stíl dhíreach ach ealaíonta sa saothar. Togha úrscéil."
Dónall Ó Braonáin, An tOireachtas
Clúdach Bog, 184 lch.
ISBN 978-0-9554079-2-5
Praghas €14.00