top of page

‘Nótaí ar an Úrscéal Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’ ó Pheann an Údair Féin

Is minic nótaí á scríobh ag daoine ar shaothar agus gan aon eolas cruinn acu ar céard é a ghin an saothar sin, cad as a dtáinig na carachtair, conas mar a bheartaigh an scríbhneoir an plota a shaothrú, cén chaoi agus cén fáth ar shocraigh an scríbhneoir ar stíl agus ar struchtúr agus araile.

 

Anseo is é an tÚDAR FÉIN atá ag scríobh ar na gnéithe sin dá SHAOTHAR FÉIN. Mar sin, is le heolas agus le húdarás a dhéanann sé amhlaidh. Cé eile is fearr eolais ar an saothar ná an té a scríobh?

‘Nótaí ar an Úrscéal Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’ ó Pheann an Údair Féin

Sna Nótaí seo tá léargas críochnúil, cuimsitheach, iniúchach agus scagach curtha ar fáil ag an Laighléiseach don Oide, a léiríonn FÍRINNE an bhunúis atá leis an scéal, idir thréithe CARACHTRACHTA agus chéimeanna an PHLOTA, idir STRUCHTÚR agus STÍL agus eile. Ní hamháin gur Nótaí iad atá don Oide ach is Nótaí iad atá ar son an Oide. Mar scríbhneoir, mar iar-mhúinteoir agus mar oideachasóir, ní hamháin go dtuigeann Ré Ó Laighléis cás an dalta, ach tuigeann sé, ach go háirithe, cás an Oide a bhfuil air nó uirthi ábhar a theagasc. Cuimhnigh gurbh eisean an tOide sin tráth. Fágann sin uile nach i réimse na Tuairimíochta a fhágtar an tOide a théann i muinín na ‘Notaí ar an Úrscéal Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’, ach i réimse na Fírinne.

€50

‘Notaí ar an Úrscéal GAFA’

ó Pheann an Údair Féin

Nótaí anseo don Oide ar an úrscéal GAFA, atá scríofa ag Ré Ó Laighléis féin, agus a chlúdaíonn go cuimsitheach críochnúil iniúchach na gnéithe den teagasc is gá maidir le príomh-eilimintí an tsaothair liteartha a chur i láthair na ndaltaí.

 

Sna Nótai seo, is é an Laighléiseach féin a thugann CÚLRA an scéil dúinn agus a chíorann agus a scagann eilimintí na CARACHTRACHTA, an PHLOTA, an STRUCHTÚIR agus na STÍLE dúinn, agus mórchuid eile. Tugann sé a shaineolas, ní hamháin mar Scríbhneoir an tsaothair, ach mar iar-Mhúinteoir agus Oideachasóir. Sna Nótaí seo léiríonn sé a thuiscint ar riachtanais an Oide atá i mbun an litríocht a theagasc do dhaltaí an Dara Leibhéil. Ar ndóigh, cé eile is fearr leis na Nótaí a scríobh ar an ábhar ach an t-údar féin, seachas tuairimíocht strainséara, nach bhfuil a fhios aige cad as a dtáinig an scéal nó carachtair nó plota agus conas mar atá siad á saothrú ag an scríbhneoir.

Is léargas cuiditheach críochnúil iomlán don Oide iad na Nótaí seo ar na gnéithe sin uile.

‘Notaí ar an Úrscéal GAFA’ ó Pheann an Údair Féin

€50

Chun 'Nótaí ar Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór' nó 'Nótaí ar an Úrscéal GAFA' a ordú

e-phost:  moininpublishers@gmail.com

Is gá an seoladh e-phoist a bhfuil na Nótaí le cur chuige a thabhairt

bottom of page