top of page

Ré Ó Laighléis: Na Ceardlanna / Workshops

Le gar do 30 bliain anuas tá éileamh mór ar cheardlanna traenála liteartha Ré Uí Laighléis anseo in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh. Tugann sé ceardlanna do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon i Scríobh an Ghearrscéil agus Scríobh an Úrscéil. Bíonn an-éileamh air ag scoileanna – scoileanna an dara leibhéil, ach go háirithe – chun ceardlanna a thabhairt dá ndaltaí. Chomh maith leis sin, tugann sé ceardlanna do na múinteoirí féin, idir Ghaeilge agus Bhéarla, sa ‘Litríocht agus Teagasc na Litríochta ar an Dara Leibhéal’. Tá cáil nach beag tuillte ag ‘An Dianchúrsa i Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’, a thugtar go bliantúil in An Scríobhlann faoi choimirce MhÓINÍN i gcomhar le Foras na Gaeilge, agus a mbíonn Ré Ó Laighléis ina Stiúrthóir/Theagascóir air.

Is cumarsáidí fíor-mhaith é An Laighléiseach sa dá theanga. Mar iar-mhúinteoir ar na leibhéil éagsúla, tá luí nádúrtha aige leosan a bhíonn ar thraenáil aige, bídis ina ndaoine óga, ina ndéagóiri nó ina ndaoine fásta. Tá idir theacht agus chur i láthair aige atá bíogúil fuinniúil spéisiúil. Ní beag mar chuidiú aige é san obair sin gurb aoibhinn leis an mhúinteoireacht.

Ré Ó Laighléis’ workshops in literature and creative writing in both languages have enjoyed huge demand for almost 30 years, not only here in Ireland, North and South, but also in Britain and the United States. Second level schools, most particularly, draw on his expertise for workshops in the ‘Writing of the Short Story and the Novel’, both in English and Irish. Groups of teachers also seek him out for workshops for themselves in ‘The Writing and Teaching of the Short Story and the Novel at Second Level’. The annually conducted ‘An Dianchúrsa i Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’, hosted in An Scríobhlann by MÓINÍN, supported by Foras na Gaeilge and taught by Ré Ó Laighléis has gained great acclaim among prospective and established writers.

Ó Laighléis is an excellent communicator in both languages. As a former teacher at all levels, he has a natural empathy with the learner, whether child, teenager or adult. His delivery is vibrant, energetic and engaging. Of course, the fact that he loves his subject is a great asset to him in his teaching of it.

bottom of page